Welcome to the Weekly Digest from Sinn Féin
The Weekly Digest
Zappone UN appointment smacks of Fine Gael Chronyism

Matt Carthy has called for the Public Accounts Committee to examine the appointment of former Minister Katherine Zappone to the UN.
Speaking on RTÉ Radio One this week Matt said this appointment was another example of Fine Gael Chronyism.
Watch Matt here: https://fb.watch/72uhxUtQfp/
Cuma an chairdis fabhair taobh thiar de cheapachán Zappone chuig na NA
D’iarr Matt Carthy ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí scrúdú a dhéanamh ar cheapachán an iar-Aire Katherine Zappone chuig na Náisiúin Aontaithe.
Ag labhairt dó ar Raidió a hAon ar RTÉ an tseachtain seo dúirt Matt gur sampla eile de chairdeas fabhair Fhine Gael an ceapachán seo.
Amharc ar Matt anseo: https://fb.watch/72uhxUtQfp/
Planning approved for new stadium at Casement Park
Speaking this week as planning was approved for a new stadium at Casement Park, Communities Minister Deirdre Hargey said she will work quickly to transform the stadium as a beacon for Ulster Gaels.
Watch Deirdre here: https://fb.watch/72uA7NYsDQ/
Cead Pleanála faighte le haghaidh staid nua ag Páirc Mhic Easmuinn
Agus í ag labhairt an tseachtain seo i ndiaidh gur tugadh cead pleanála le haghaidh staid nua ag Páirc Mhic Easmuinn, dúirt an tAire Pobail Deirdre Hargey go mbeadh sí ag dul i mbun oibre go gasta ionas go mbeidh an staid mar lóchrann ag Gaeil Uladh.
Amharc ar Dheirdre anseo: https://fb.watch/72uA7NYsDQ/
Insurance industry must pass on savings to customers
Sinn Féin Finance spokesperson Pearse Doherty has said the purpose of the new personal injury awards guidelines was to reduce your insurance premiums, NOT to make more profits for insurance companies.
He said the Government must stop delaying his legislation to hold the industry to account and pass on those savings to customers.
Watch Pearse here: https://fb.watch/72uHp_Y4xI/
Caithfidh an tionscal árachais coigilteas a chur ar aghaidh chuig custaiméirí
Dúirt urlabhraí Airgeadais Shinn Féin Piaras Ó Dochartaigh gurbh é cuspóir na dtreoirlínte nua dámhachtainí díobhála pearsanta ná do phréimheanna árachais a laghdú, NÍ chun níos mó brabúis a dhéanamh do chuideachtaí árachais.
Dúirt sé go gcaithfidh an Rialtas stop a chur le moill a chur ar a reachtaíocht chun an tionscal a choinneáil cuntasach agus na coigiltis sin a thabhairt do chustaiméirí.
mharc ar Phiaras anseo: https://fb.watch/72uHp_Y4xI/
Major housing demonstration to take place in Dublin in October
Sinn Féin Housing spokesperson Eoin Ó Broin has encouraged people to attend a major housing crisis mobilisation on October 2nd in Dublin.
Speaking this week he said if you’re affected by the housing crisis, if you are concerned and want the government to do more, then join Raise the Roof and others for a major mobilisation on 2nd October in Dublin.
Watch Eoin here: https://fb.watch/72v2yzunJ1/
Ágóid mhór tithíochta le bheith ar siúl i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair
Tá urlabhraí Tithíochta Shinn Féin Eoin Ó Broin tar éis daoine a spreagadh chun freastal ar shlógadh mór maidir leis an ngéarchéim tithíochta ar an 2 Deireadh Fómhair i mBaile Átha Cliath.
Ag labhairt dó an tseachtain seo dúirt sé má tá tionchar ag an ngéarchéim tithíochta ort, má tá imní ort agus má theastaíonn uait go ndéanfadh an rialtas níos mó, ansin bí linn agus le daoine eile ag Raise the Roof le haghaidh slógadh mór an 2 Deireadh Fómhair i Baile átha Cliath.
Amharc ar Eoin anseo: https://fb.watch/72v2yzunJ1/
Activists urged to sign up to Chieftains Walk
The 'Chieftains Walk’ (Siúlóid an Taoisigh) will take place on Sunday, August 15th and as many activists as possible are urged to sign up to remember and pay tribute to Martin Mc Guinness.
A spokesperson for the Martin Mc Guinness Peace Foundation commented: „We want as many people as possible will get involved and register online to take part. In previous years, Martin’s friends and comrades in Sinn Féin have really rallied behind the event so we are obviously hoping to see that again this year as we make the move to a new route at Inch Island, Co. Donegal.
„In keeping with previous years, the route reflects places that were special to Martin so we are delighted to bring the event to the beautiful surroundings of Inch.
„We are sure it will make a wonderful backdrop for another special occasion and as numbers may be restricted due to public health requirements, we are asking people to sign up as early as possible.
„Once again there will be a special memento of the day for everyone who registers and we hope as many people as possible come along to enjoy the day and help us celebrate Martin’s life and legacy.”
Registration costs £10 and you can sign up at: https://register.enthuse.com/ps/event/Chieftainswalk2021
Molta do ghníomhaithe clárú le Siúlóid an Taosigh
Beidh Siúlóid an Taoisigh ar siúl Dé Domhnaigh, 15 Lúnasa agus moltar don oiread gníomhaígh agus is féidir clárú chun cuimhneamh agus ómós a thabhairt do Martin Mc Guinness.
Dúirt urlabhraí ó Fhondúireacht Síochána Martin Mc Guinness: „Ba bhreá linn go nglacfaidh an oiread daoine agus is féidir páirt agus go gcláróidh siad ar líne chun páirt a ghlacadh. Sna blianta roimhe seo, tá cairde agus gcomrádaithe Martin i Sinn Féin i ndiaidh a bheith taobh thiar den ócáid go mór agus mar sin is léir go bhfuil súil againn é sin a fheiceáil arís i mbliana agus muid ag aistriú chuig bealach nua ag an Inis, Co. Dhún na nGall.
„Ag teacht le blianta eile roimhe seo, léiríonn an bealach áiteanna a bhí speisialta do Martin agus mar sin tá an-áthas orainn an ócáid a thabhairt chuig timpeallacht álainn Inse.
„Táimid cinnte go mbeidh sé mar chúlra iontach d’ócáid speisialta eile agus toisc go bhféadfadh líon na ndaoine a bheith teoranta de bharr riachtanais sláinte poiblí, táimid ag iarraidh ar dhaoine clárú chomh luath agus is féidir.
„Arís beidh cuimhneachán speisialta den lá ann do gach duine a chláraíonn agus tá súil againn go dtiocfaidh an oiread daoine agus is féidir linn chun sult a bhaint as an lá agus chun cuidiú linn saol agus oidhreacht Martin a cheiliúradh.”
Cosnaíonn clárú £ 10 agus is féidir leat clárú ag: https://register.enthuse.com/ps/event/Chieftainswalk2021